Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)
- Suíomh:
- An Droim, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ó Concheanainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Druim
- XML Leathanach 047
- XML “Tomhasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bairille ar an tsráid 's a dhá ceann dúinte.
Ubh.Cé méad gob a bhuailfeas an chearc ar an urlár go mbeidh deich ngráinne ithte aici.
Aon ghob amháin.Deatach sa ngleann 's gan aon dé ann.
Ceó.An rud a dtógfainn-se glaic air ní chuirfeadh an righ gad air.
Gainimh.Chuartuigheas is fuaireas. Dob'fhurasta dom fhághail, rud nach bhfuair Dia 's nach féidir leis fhághail.
Máighistir.Tá sé istigh 's tá sé amuigh agus dheamhan uair nach bhfeicim é.
Leim-tsop.Mo dhada bocht nocht 's a mhaide faoi'n ucht 's é ag ól deoch as tobar na féasóige.
Frog.Ceithre bhairille ar an tsráid, a mbéal fútha agus íad lán.
Ceithre shine bó.Céard a shiubhalas ar a mhullach.
Jack a bheadh i mbróga.Céard is doimhne ná an fhairrge mhór.
Méaracán táilliúra.Chím é 's ní fheicim é. Chím é 'do chuideachta. Siubhlann sé an bán is an drúcht is ní bhriseann sé.
Sgáile an duine.(leanann ar an chéad leathanach eile)