Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)
- Suíomh:
- An Droim, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ó Concheanainn
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 050](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0071%2FCBES_0071_050.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 050
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Druim
- XML Leathanach 050
- XML “Féilí na Bliana - An Nollaig”
- XML “Féilí na Bliana - Lá Bealtaine”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Oidhche Nodlag Mór. Agus an duine a bhíos ag éisteacht leo caillfidhe é. Chuile dhuine a fhéadfas é bíonn sé ina theach féin Oidhche Nodlag. Na daoine nach bhféadfa cuireann siad airgead abhaile. Tá sé de nós ag na daoine óga a dhul ag faoistean Oidhche Nodlag Beag.
- Bíonn go leor pisreóga ag na daoinibh Lá Bealtaine. Éireigheann daoine le h-éirghe na gréine ionanus go mbeadh síad ag éirghe go moch arís ar feadh an tsamhraidh. Sin é an nós is minicidhe a dheineann síad.Dá n-éirigheadh duine an mhaidin sin agus a éadan a nigheachadh(?) sa drúcht ní dhóighfeadh an ghrian ar feadh an tsamhraidh é.Goideann cuid de na daoine aoileach as scioból a chomharsan ionanus go mbeadh im ar feadh an tsamhraidh aca. An teach a mbeadh an mac is sine dá sliocht beo bíonn sé de nós ag an sliocht sin iachall a chuir ar an mac is sin bó a chomharsan do bhleaghan sul dá n-éirigheadh an ghrian ionanus go mbedh im aca ar feadh an tsamhraidh.Ní tugtar cead do aon duine aon teine(?) a thabhairt amach as an teach ná aon bhainne.Dá dtagadh duine isteach agus a phíopa a(leanann ar an chéad leathanach eile)