Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)
- Suíomh:
- An Droim, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ó Concheanainn
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 067](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0071%2FCBES_0071_067.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 067
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Druim
- XML Leathanach 067
- XML “Ainmneacha Garraithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Muilteach Stiophtháin, Stiophtháin Ó Gríobhtha a thóig an garrdha sin sa sean t-saoghal.An Sgainibh, Is garrdha cloch bheag é.Garrdha an Still House, bhíodh Paidín Breathnach ag déanamh fuisce annAn Greann Mór, gleann mór millteach doimhin atá annAn Corrdha Láir, Tá trí corrdha taobh le chéile agus ceann i lár
Léana Ceardchan, Deirtear go raibh ceardchan ann fadó agus tá leac shleamhain ann. Nuair a bhíodh siad ag cur crúbh ar aon chapall cuirfeadh siad suas ar an leic í. Nuair a chrochfadh siad leath chos an chapaill ní leigfeadh an faithcíos don chapall corrughadh ar faitchíos go leagfaí í. Sin é an chaoi a gcoinnuigheadh siad na caiple
An Gharrdha Nua, Tá sé ar cheann de na garrdhanta is fearr sa mbaile. Bhí sé ag fear fadó, agus níor chuir sé aon chlaidhe ariamh air. Níl sé i bhfad o cuirreadh claidhe air agus tugtar an Garrdha Nua air. Corrach an Teampuill, Tá fotrach de shean teampull le feiceál annAn Mhuing, Píósa talmhna réid éAn Caorán Buidhe, Is cosamhail le luaithe atá faoi bhárr na talmhnaPoll Atha na bhFiadhach. Gleann mór fairsing uaigneach é agus bíónn go leór girrfhiadhacha agus coiníní ann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Cualáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe