Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)
- Suíomh:
- An Droim, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ó Concheanainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Druim
- XML Leathanach 123
- XML “Amhrán an Dole”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán an Dole
“Tá muinntir na hÉireann anois go compóireacht ¶ Ó chuaidh Devalera isteach sa dáil”
Tá muinntir na h-Éireann anois go compóireach
Ó chuaidh Devalera isteach sa Dáil
Tá an dóle agus an fheóíl uilig aca
is beidh bear aca ar báll
Tiubhrfaidh sé tobach do chuid aca acht an dream ná iompuigh análl
Acht ní tiubhrfaidh Duffy luach éan circe dhóíbh mar is gearr a bhéas sé ann
(II)Is anois atá siad ag tuigsint nach raibh splannc ar bith na gceann
Nuair a ghéíll síad an dream mhalluighthe adubhairt do b'e Duffy an fear ab' fheárr
Tá síad ag imtheacht mar a bheadh ceannuigh ag dul síos is anios an t-sráid
Is gan aige ach cáirín asail is gan a mhalairt aige le fághailt
(III)Tá súil le Dia is le Muire agam go gearr go dtiocfa an lá
Go mbeidh Diabhal aca tactaí leis an gcrámh
Tá síad ag imtheacht mar a bheadh madraí ann ag an mbearrach
Gach Dia Máirt go bhfuighidh síad feóil(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann