Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)
- Suíomh:
- An Droim, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ó Concheanainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Druim
- XML Leathanach 160
- XML “Seanphaidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Coiglighim-se an teine seo mar is gnáthach. Muire ag a bun agus Brighid ag a bárr. An dá Asbal déag a bhí ag cumhdach na nGrást, go gcumhduigh sibh muinntir an tighe seo go lá.
Luighim síos ar mo thaobh deas
Go luighe Mac Dé le m-ais
Ceithre phostaí faoi mo leaba, ceithre aingeal sgartha ortha. Má fhághaim se bás as seo go maidin Flaithis Dé go raibh ag m'anam. Nuair a bhíos muid ag dul a chodladh deireann muid=A Íosa, a Mhuire 'sa Ioseph
Beirim suas dóibh mo chroidhe 's m'anam a Íosa, a Mhuire 'sa Ioseph
Cabhraighe liom ar uair mo bháis
A Íosa, a Mhuire 's a Ioseph
Go bhfága mé an saoghal ina bfoinsigh
A Mhuire, a Mhuire 's a righ na nGrást
An daréag aingeal sé mo chroidhe atá cráidhte
Na dubhraidhe dubha ag teacht ó'n mbás
An ghrian ag dul siar 's an féar gan sábhailt
Éirghe a Mhic 's ná tabhair an breitheamhnas ar an anam bocht seo, tabhair an párdún. Tá sé ag caitheadh mo leibhré trí ráithe ' s go gleann na bpian na leig go bráth é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Threasaidhe
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Siubhán Ní Threasuidhe
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann