Scoil: Leitirmealláin
- Suíomh:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Éamonn Ó Gógáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmealláin
- XML Leathanach 329
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thart aige bhí sé brath ar imtheacht as an teach agus bhí sé ag iarraidh a chuid airgid agus sé an t- airgead a bhí le fághail aige ná 15£ san mbliadhain. D'fhiafruigh fear a' tíghe dhe cé aca a b'fhearr leis an tairgead ná trí chómhairle agus dubhairt an fear leis go mb'fhearr leis trí- chómhairle. Annsin rinne fear a tíghe cáca beag agus chuir sé an tairgead isteach san gcáca. Sé an chéad chómhairle a chuir sé air dubhairt sé sean-fhocal leis agus sé an sean- fhocal é má's cam nó díreach an ród sí an tslí mhór an aithghiorra. Sé an dara cómhairle a chuir sé air dubhairt sé leis gan fanacht i naon teach a mbéadh bean óg pósta ag sean-fhear. Sé an tríomhadh cómhairle a chuir sé air dubhairt sé leis gan rud ar bith a dhéanadh san oidhche a mbéadh aithmhéala ar maidin air.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maighréad Nic Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bríghid Bean Mich Donnchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 55
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe