Scoil: Tír an Fhiaidh

Suíomh:
Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 002

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 002

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír an Fhiaidh
  2. XML Leathanach 002
  3. XML “Scéal faoi Thriúr Clainne na Barrscolóige agus faoi Harry Statel”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fios uaidh dhuine éicint cé acha ba leis é, agus nuair a bhí an oidhche ag teacht chuadar isteach go dtí Harry Statel dob é an fear ba mhó fios ins an domhan é. D'fhiafruigh Harry Statel annsin de'n chéad mhac, cé'n cineál oibre ba fheárr leis. "Ní fhaca mé aon tsúisteoir ariamh chomh maith liom" a dubhairt sé. D'fhiafruigh sé de'n dára mac cé'n sórt obair a bhfeárr leis, agus mar fhréagra air dubhairt sé nach raibh aon fhear ariamh chomh maith leis ag cárta stáblaí. D'fhiafruigh sé dé'n tríomhadh mac annsin cén sórt obair ba mhaith leis agus dubhairt an mach nach raibh aon fhear chomh maith leis ag geárradh coillte. "Is sibh a théastuigheas uaim sé" arsa Harry Statel.
    Nuair d'éirigheadar ar maidin chuaidh gach duine acha ag déanamh a chuaidh oibre féin. Nuair a chuaidh an cailín amach ag glaodhach ag a bhéile ar an té a bhí ag súisteóireacht, leabaidh é bheith ag súisteóireacht sé an obair a bhí ar sin, ag báint de a léine agus ag cur air a bháinín. D'fhiafruigh an máighisteir de cé'n sórt obair í sin air. "Tá" adeir sé, "níl fhios agam cé is goirre dhomh mo mháthair nó mh'áthair". "A amadáin nach góirre dhuit d'athair". Chuaidh sé go dtí an dára mac agus sé an obair a bhí air sin, nuair a bheireadh sé ar an bpice chaitheadh sé uaidh aríst é. "Cé'n
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Ceallaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Máimín, Co. na Gaillimhe