Scoil: Tír an Fhiaidh

Suíomh:
Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 005

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 005

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír an Fhiaidh
  2. XML Leathanach 005
  3. XML “Scéal faoi Chlann an Fheilméara, Cluais le hÉisteacht, Cos fé Chrios srl.”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus chuir sé bail ó Dhia air. D'fhiafruigh sé dhe céard a bhí sé ag dul a dhéanamh. Dubhairt mac an fheilméara go raibh sé ag dul ag déanamh cuinneóige. "Go raibh sí na chuinneóig agat tráthnóna Dé Sathairn" adeir an sean-fhear. Nuair a d'imhthigh an sean-fhear thosuigh sé ag déanamh na luinge agus nuair a bhreatnuig sé thart tráthnóna Dé Satairn ní raibh aige ach cuinneóg. Tháinig sé abhaile agus a thrí chéad punt caithte aige.
    Ar maidin Dé Luain d'iarr an dara mac trí chéad ar a athair go racadh se fhéin ag déanamh na luinge. Fuair sé na trí chéad punt agus bhuail se chun na coille. Thosuigh se ag geárradh na coille agus ba gheárr go dtáinig sean fhear liath thart agus chuir sé bail ó Dhia air agus d'fhiafruigh sé céard a bhí sé ag dul a dhéanamh. "Táim ag dul ag déanamh cófra" arsa mac an fhéilméara. "Go raibh sé na chófra san oidhche Dé Sathairn agat" arsa an sean-fhear. Thosuigh sé ag déanamh na luinge ach nuair a d'iompuigh se thart san oidhche Dé Sathairn ní raibh aige ach cófra. Tháinig sé abaile agus na trí chéad punt caithte aige gan aige ach cófra.
    Ar maidin Dé Luain a bhí chugat d'iarr an tríomhadh mar trí chéad punt le go ndéanadh sé long a shéolfadh ar an talamh agus ar an bhfairrge. Fuair sé na trí chéad punt agus chuaidh sé chun na coille. Tháinig an sean-fhear
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0513A: Six Go through the Whole World
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seamus Ó Congalaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe