Scoil: Tír an Fhiaidh
- Suíomh:
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tír an Fhiaidh
- XML Leathanach 029
- XML “Scéal faoin mBás”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an bás síos sa gcathaoir agus ghreamuigh sé innte. "Leig as seo mé" adeir an bás "agus tiubhraidh mé seacht mbliadhna eile saoghail dhuit. "Ó is maith an rud seacht mbliadhna mar tá aois mhaith cheana agam" adeir an fear. D'imhthigh an bás agus faoin cheann seacht mbliadhna eile tháinig sé aríst. Ní raibh an fear seo ag fágháil aoinne nach raibh sé a leigheas annsin. Níor tháinig an bás an uair seo tar an doras. Leag sé an dhá láimh ar ursainn an dorais agus ghreamuigh sé ann."Ó léig as seo mé agus tiubhraidh mé seacht mbliadhna eile dhuit." "Ó is maith an rud seacht mbliadhna" adeir an fear. Ní raibh aoinne ag fágháil bhais annsin mar bhí an fear seo dá leigheas. Nuair a bhí na seacht mbliadhna thuas tháinig an bás arís ach ní racadh sé isteach go dtí an doras chor ar bith. Thosuigh an fear istigh dá réidhtigheadh fhéin agus dubhairt sé "níor cailleadh aoinne ariamh gan lón an bháis a thabhairt leis, bain glac des na spíonáin sin ar an gcrann dom." Chuaidh an bás go dtí an crann agus ghreamuigh sé ann. "Ó leig as seo me agus tiubhradh mé seacht mbliadhna eile dhuit." Leig an fear amhach é. Nuair a bhí na seacht mbliadhna shuas tháinig an bás arís. Ní dheaca sé thar an tsráid agus ghlaoigh sé amhach ar an bfear. "Tabhair am dom" adubhairt an fear "le paidir is cré a rádh." Dubhair an bás go dtiubhradh. "Ní abróchaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seamus Ó Chongalaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe