Scoil: Tír an Fhiaidh
- Suíomh:
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tír an Fhiaidh
- XML Leathanach 079
- XML “Gabha na gCleas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gabha fhéin in éindigh leis. Tar éis an tsuipéir thosuigh an dá fhear déag agus an mac seo ag déanamh clis. Dubhairt an feilméara leis an ngabha nach raibh aon fhear ann chomh maith le na mhac fhéin. "Má leigeann tú bliadhain eile liom é" adeir an gabha leis é go ceann bliadhna eile agus bhain sé gealladh dhe é tabhairt ar ais. Tháinig an gabha faoi cheann bliadhna eile agus é in éindig leis. Thosuigh an dá mhac déagh agus an mac seo ag déanamh a gcuid clis. Bhí mac an fheilméara ar an bhfear ba bhreághtha agus níos feárr ná iad uile. D'iarr an gabha ar é leigint leis go ceann bliadhna eile agus go mbeád sé níos feárr ná é fhein. Bhí siad ag caitheamh na hoidhche agus ag ól ach bhí an oidhche caithte agus níor chuimhnigh an feilméar aon ghealladh a bhaint de'n ghabha an mach a thabhairt ar ais.
Bhí an bliadhain caithte agus níor tháinic an mac. Chuimhnigh an t-athair ar fhéin nár bhain sé aon ghealladh de'n ghabha an mac a thabhairt ar ais aige. D'imhthigh sé leis ar thuairisg a mhic. Bhí sé ag imtheacht agus ag síor imtheacht go dtáinig sé san áit a raibh an gabha na chomhnuidhe bhí sé ag cur tuairisg le gach duine cá raibh sé. Casadh fear leis agus é ag baint luachair agus chuir sé tuairisg leis cá raibh gabha na gcléas.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Conghaile
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe