Scoil: Tír an Fhiaidh
- Suíomh:
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr Máire
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 085](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0072%2FCBES_0072_085.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 085
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tír an Fhiaidh
- XML Leathanach 085
- XML “An tSlí a mBíonn a Fhios ag Muintir na hÁite ón nGréin cén Saghas Aimsire a Bhíonn air”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhíonn an ghrian na tairgne san áer droc aimsear criocnuighthe a bhíonns air.
Nuair a bhíonn an ghrian ag rinnce san áer ar maidin bíonn muid ag súil le aimsear bhreágh.
Nuair a bhíonn sí dearg ag éirighe agus ag dul faoi san ngeimhreadh bíonn aimsear chruaidh agus sioc air.
Nuair a bhíonn an ghrian an-soillseach múiríl bháistighe a bhíonns air.
Nuair a bhíonn cosa as an ngréin maidin Shamraidh ag éirighe teasbhadh agus teas agus calm a bhíonns air.
Nuair a bhíonn na madaí gréine an-tsoilléar le feichéal bíonn muid ag súil le sneachta.An tslighe a mbíonn fhios aca ón spéir cé'n saghas aimsire a bhíonns air.Nuair a bhíonn an spéir dubh dhearg thoir bíonn sneacht air.
Nuair a bhíonn sí buidhe dhearg thoir triomach ag gaoth anoir a bhíonns air.
Nuair a bhíonn sí glan gan aon réalta(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Chonghalaigh
- Inscne
- Baineann