Scoil: Tír an Fhiaidh
- Suíomh:
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr Máire
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 102](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0072%2FCBES_0072_102.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 102
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tír an Fhiaidh
- XML Leathanach 102
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)17. Ná tabhair an t-éan atá do láimh ar an éan atá ar an gcraobh.
18. Is congnamh don bhróig an bhárráil.
19. Is maith an nidh an fhoigidh.
20. Thsatruigh an fhoighidh an chinniúint.
21. Ní hé chúile lá a bhíonns ag báisteach.
22. Bíodh misneach agat agus ní baoghal dhuit.
23. An té a fhanas le cóir gheobhfaidh sé cóir.
24. An té atá thuas óltar deoc air, ach an té atá thios buailtear cois air.
25. An té nach bhfuil ciall aige bíonn fán air.
26. Ní thagann an chiall roim an aois.
27. Is milis dá ól é ach is searbh dá íoc é.
28. Sgaoil isteach ag an bfear mór é.
29. Ag guideadh Dé nó ag iarraidh cabhrach.
30. Is maith an gúistís í an ghé.
31. Is feárr dhuit leat-bhuilín ná bheith gan aon árán.
32. An t-am is mó an greann seadh is féarr leigint dhó.
33. An té a bhíonns ag magadh bíonn a leat faoi fhéin.
34. An té a bhuailtear sa gceann bíonn faithchíos air.
35. Ní airigheann sút sáthach an bolg folamh.
36. Ní airigheann aoinne an bhróg ag luigeadh ar an duine eile.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Chonghalaigh
- Inscne
- Baineann