School: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)

Location:
An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Teacher:
N., Bean Uí Cholchúin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 275

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 275

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
  2. XML Page 275
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sé ag milleadh tudh ná ar thorramh. Do hinnsigheadh dónh tsagart é, agus ubhairt an sagart lé Seán gan dhul ag aon tórramh ní ba mhó.
    Oidhche amháin bhí sean bhean ar an mbaile cáillte, agus d'imthigh gach duine ag an torramh acht béigin do Sheán fanacht san mbaile.
    Amach i lár na hoidhche chuimhnigh sé ar chleas, thug sé leis dhá tincan agus d'imthigh sé leis go teach an tórramh. Nuair a bhí sé ag tigeacht gar do'n teach thosuigh sé ag bualadh an dá tincan fá na chéile. Dimthigh a raibh san teach lé na nanam. Nuair a fuair Seán imtighte iad thug sé leis an chailleach agus chuir sé ina seasamh ag doras síopa beagh í a mbíod sí ag ceannacht tobach as.
    Nuair a tháinigh na daoine ar maidin ní raibh an cailleach lé fághail. Dubhairt an sagart go dtuibhradh sé chuig phunt don duine a gheobhad an chailleach, annsin thug Seán ar ais an chailleach agus fuair sé na chúig phúnt.
    Do bhí faitchíos ar Seán dul ag an bhfaoisdean annsin mar chaitheadh sé innseacht don tsagart gurabh é ghoid an chailleach. lá amháin do casadh an sagart air. Do bhí sé ag dul thar abhainn mhóir agus d'iarr an sagart ar Seán é thabhairt thar an abhainn. Do chuaidh an sagart ar dhruim Seáin, agus nuair a bhíodar ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghidh Bhreathnach
    Gender
    Female
    Informant
    Máire Ní Dhonnchadha
    Gender
    Female
    Age
    66
    Occupation
    Oibrí tí
    Address
    An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe