School: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
- Location:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Teacher: N., Bean Uí Cholchúin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)d'íarr [!] an núachar bréige atchuinge ar an rí óg. "Tá mé ag íarraidh atcuinge ort a chéile croidhe," ar sise "Geobhfadh tú i agus fáilte" ar seisean "Cuir fios ar an bfheanntóir" ar sise "go mbainfidhe sé an cloigeann de'n gheárrán ar a dtáinig mé ag marcaidheacht óir chuir sé fearg orm ar an mbhealach." Bhí faitchíos uirthí, ar ndóigh go labharóchadh an gearrán agus go n-innseóchadh sé céard abhí déanta aiche ar inghín an ríogh.
Annsin d'orduigheadh gach uile sórt do réir tola na bainríoghna bréige agus bhítheas lé Falada a chuir chun báis. Chúala inghean an Ríogh céard abhí ar siúbhal, agus chúaidh sí ós íseal go dtí an feanntóir agus dubhairt sí go dtiúbarfhadh sí airgead dó dhá ndéanadh sé gar beag uirthí.
Bhí geata mór ins an gcathair agus áirse dhubh dorchadh ós a cionn. Theigheadh sí tríd an ngeata sin gach maidin agus tráthnóna ag seóladh na ngéadh di. D'íarr sí air cloigeann Falada a Fhástódh thúas ar bhárr na h-áirse duibhe dorchadh sin lé go mbhéadh sé lé feicheál aiche gach maidin agus trathnóna ag gabhál isteach is amach dí. Dubhairt an feanntóir go ndhéanadh sé é sin. Bhain sé an cloigeann de'n ghearrán agus dfástuigh sé fá áirse an geata é.(continues on next page)- Collector
- Bhéra Ní Mhuireadhaigh
- Gender
- Female