Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)

Suíomh:
An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
N., Bean Uí Cholchúin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 348

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 348

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
  2. XML Leathanach 348
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ní labhróchadh sé léi; Agus sin é an chaoí ar chaith síad an lá ag tabhairt aire do na géadha nó go dtáinig an tráthnóna.
    Ach, tar-éis theacht abhaile dóibh sa tráthnóna chúaidh Conchóbhar go dtí an sean-Rí agus dúbhairt sé nach mbhéadh sé i mbun na ngéadh i bfhochar an chailín ní ba bfhuide "Cad chuige?" ars an Sean Rí "Ara bhím cíapuighte aiche ó maidin go h-oidhche" Ars an sgorach. D'fíafhuigh an Sean Rí Céard abhíodh sí agh déanamh air "Ar maidin" ars Conchóbhar, "Núair abhíonn muid ag seóladh na ngéadh amach fá'n áirse dórchadh, labhruigheann sí leis an sean cloigeann capaill atá feistighthe ar an mballa go n-abruigheann "A ghearráin boicht mó bhrón do bhás sa" Agus freagruigheann an cloigeann annsin "A Ríoghan og, mo trúaigh do chás sa, Dá mbhéadh a fhios sin ag mhathair is í bheadh búaidheartha cráidthe". Agus Annsin d'innis Conchóbhar dó'n t-Sean Rígh gach a d'tuitheadh amach ar an mínleach agus an chaoí ambhíodh air dul ag rith sa tóir ar caipín.
    D'órduigh an Sean Rí dó na géadha a sheóladh amach aríst ar maidin an laé abhí chuca. Núair a tháinig an maidin chúaidh an Rí i bfholach inaiche an geata dorchadh agus chualadh sé i ag cainnt lé cloigeann an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0533: The Speaking Horsehead
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bhéra Ní Mhuireadhaigh
    Inscne
    Baineann