Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: N., Bean Uí Cholchúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ghearráin. Annsin thug sé an thuaith amach air féin agus chuaidh sé i bfholach ar chúl cránn ar an mínleach. I gcionn tamaill big chonnaich sé cúige cailín na ngéadh agus búachaill na ngéadh agus a dtreó dhá seóladh acha. Agus i gcionn tamall eile chonnaich sé ise ag búaileadh fúithe agus ag sgaoileadh a cuid grúaige abhí chómh deallrach dríthleach lé óir. Annsin labhair sí go dhubhairt
"Séid, séid a ghaoth beag
Tabhair leat caipín Conchóbhar
Agus téigheadh sé sa tóir ar
Nó go gCíoradh mé mo chuid grúaige
Is go gCóirigheadh arís í
Ar an móimead tháinig sinneán gaoithe agus sguaib caipín Conchóbhar agus dobh éigean dhó dul sa tóir air. Chíor an cailín a cuid grúaige. annsin ar a suaimhneas agus chóirigh sí í. Bhí an Sean Rí ag amharc ar an iomlán. Chúaidh sé abhaile annsin gan leigean air. Ach núair a tháinig cailín na nGéadh abhaile san tráthnóna ghlaoidh sé análl uirthí agus d'fíaruigh sé dí cad chuige a ndéanadh sí na néithe sin go léir "Ní tuig liom sin a innseacht duit," ar sise. "Agus ní féidir liom mo cuid búaidhearth a innseacht do dhuine ar bith. Mar dob(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bhéra Ní Mhuireadhaigh
- Inscne
- Baineann