Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: N., Bean Uí Cholchúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)beag na chodladh, agus d'eirigh an buachaill leis an doras a osgailt dí, agus rith sí siar sa seómra agus mharbhuigh sí an t-athair, agus chuaidh an buachaill beag i bfolach ar chúl an dorais. An fhaid a bhí sí sa seomra rith an buachaill beag amach sa gcró i n-áit a raibh gabhair na gcodladh, agus chuaidh an buachaill beag taobh isteach go na gabhair, agus is gearr nó go dtáinig an Sprid, agus congbuigh an gabhar ón mbuachaill beag í nó gur ghlaoidh an coileach, agus d'imtigh sí annsin nuair a glaoidh an coileach, chomh luath is fuair an buachaill beag imtighthe í, d'imthigh sé féin leis, agus bhí sé i siubhal leis ar feadh an lae agus casadh duine uasal leis. d'iarraidh an duine uasal dó cá raibh sé dul agus dubhairt an buachaill beag go raibh ag imteact ag iarraid obair agus dubhairt an duine uasal go raibh a léithide ag taisdeal uaidh fhéin. Congbuigh an duine uasal an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Fhualáin
- Inscne
- Baineann