Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: N., Bean Uí Cholchúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)culaith éadaige leis, agus nuair a chuir ní raibh éadach ar bith annsin aige. D'imthigh sé leis go casadh Teampall leis agus chuaidh sé isteach ann. Amach timcheall a deich a chlog tháinig trí Cut ar binn an Teampaill agus d'fiafruigh cheann aca den cheann eile a raibh aon Sgéal aige. Níl aon Sgéal agamsa adeir sé acht gur bhfuil inghin go bhladar ar an bpus mé náit go raibh mé ag ól an bhainne uirthí. Nuair a bhuail sí mé bhain sí trí ribe as mo smut agus tuit siad sios san mbainne agus dól sí an bainne, agus ní deanfhadh dochtúirí an tSaoghail seo aon mhaith dhe go bfuighfheadh sí trí braon de'n iomar atá san Teampall seo. Bhí an fear seo ag éisteact leó agus cart sé an talamh agus fuair sé trí chupán glúnach duine ann agus lion sé iad de'n iomar a bhí san Teampall agus dimthigh sé leis amach gur casadh cóca feir leis. Isteach leis faoi bhun an Choca Féir agus shuidh sé síos ann agus leag sé iad seo le na thaobh. Ba ghearr go dtáinig luct an Tighe ag tarraingt an Coca Feir agus fuaireadar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Fhualáin
- Inscne
- Baineann