Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: N., Bean Uí Cholchúin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 356](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0072%2FCBES_0072_356.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 356
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)e [?] seo istigh ann. Biodar ag breathnúghadh air agus ní raibh fios aca cén fáth a raibh sé ann. Thugadar leo é agus chuireadar culaith nua éadaigh air. Isteach leis san teach a raibh Inghin an Riogh agus dfiafhruigh sé go mhuinntir an Tighe an bfeadfhadh sé dul agus breatnughadh ortha agus dubhairt siad go bhféadfhadh. Siar leis san Seómra go dtí í agus thug sé trí bhraon d'en uisge dí. Nuair a thug sé dí an chéad bhraon chaith sí cut aniar as a béal agus an dara braon chaith sí cut eile aniar agus an tríomhadh braon chaith sí cut eile aniar agus bhí sí go maith annsin. Nuair a bhí sí go maith dubhairt an t-athair go gcaithfheadh sé í phósadh Pósadh iad agus bhí siad ag imteact siar is aniar. ar Chapall. Ba gearr go bhfaca an gadaidhe bacach é agus é gléasta agus dfiafhruigh sé dhó cá bfuair sé an t-éadach agus dubhairt sé leis go raibh sé oidhche san Teampall agus nár fhága sé aon snáth éadach air agus go bfuair sé an chulaith ó dhaoine tháinig thart Méidir go bhfuighfeadh mise eadach ann chómh mait(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Fhualáin
- Inscne
- Baineann