Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: N., Bean Uí Cholchúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Cé méad ruball geobfhadh as seo go dtí an ghealach.
Fr. Ceann amháin dhá mbéadh sé sáthach fada.Baraille ar an tráigh agus a dhá cheann dúnta
Ub.Ceard imtigeanns idir dá adhmadh agus a thagann ar ais idir dá uisge.
Fear ag iomcar cannaí uisge.Céard a imthigheanns ar an talamh agus a tagann ar ais faoi.
Fear lé fodaibh ar a cheannCeárd a bhíonns líonnta agus a thógfadh tuille
Fr. Póta lán le fataí nuair a cuirtear uisge ann.Piosa ós cionn Piosa agus gan aon greim fuithe.
Gas Gabáiste.Cím 'na suidhe na seasaimh i
Cím ar bhárr an aitinn í
Ceo na drúct ní leaghann sí
A's ní stadann sí do sior
An Gealach.Bláth bán ar garrdha an iasgaire.
Cúbhar na fairrge.Uisge guirt gan salann gan sáile.(leanann ar an chéad leathanach eile)