Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)

Suíomh:
An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
N., Bean Uí Cholchúin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 358

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 358

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
  2. XML Leathanach 358
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Chuaidh mé suas an botirín [!] casadh mo mháthair liom Bhí srón iarrainn uirthi agus méaraca airgid agus i cur ruaig ar na préacháin
    Gunna.
    Tobirín fir uisge lár an tsléibhe
    Fuinneóigin gloine agus doraisín cré.
    Súil.
    Cuaidh mé suas an boithirín agus thug mé an botirín [!] ar mo druim liom
    Dréimire.
    Caith mé suas é chómh bán la ealla agus tuit sé anuas chómh buidhe lé óir.
    Úb briste.
    Déirigh me maidin lá ceó agus bhreathnughadh mé amach ibfuinneóg mo dadeo agus chonnaic mé rud marb ag iomcar. rud beo. Bád.
    Cuir mé san oidhche agus bhí sé go hárd leis an ngealach ar maidin.
    Dateach.
    Capaillín admaid ag rith na cos in áirde gach aon cois corruigh bhí.
    Túirne.
    D'eirigh mé maidin lá ceó d'airigh mé géim ní géim coilligh é. ní géim bó agus níl seo beo.
    Leac-oighir ag sgoilteadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge