Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Nualláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag baint lé saoghal an ghliomaigh. Dhá mbeadh an oiread de'n mhí-mhá air is go gcaillfheadh sé a ordóg, ní thóiglfeadh sé thar mhí air go mbeadh gillín de cheánn óg fásta suas ina háít. Is minic go gcasfhaidhe gliomach leat a mbeadh ordóg gheárr air, annsin d'féadhfheá a bheith cinnte dhe gur i mbealach eicint a cháíll sé í agus gur giota óg a bheadh fásta air. Nuair a theigheas an gliomach un' aois ní cáll dhó an blaosc a athrú air féín ach i-neádan' ' chaon tríomhadh, no cearú blíadhain . An t-ám seo bíonn 'chuile bhreac eile sa tóír air. Mar bíonn sé ina mheáll mór (?) bhlasta nuair nach mbíonn aon bhlaosc air.Deirtear nach aon tír ó'n Norbhuaidh amach is mó a ghníos iascach ar an ngliomach ná an tír seo. Níor chailteannas ar bith é dhá bhféadfhaí roinnt feabhais a chur ar na potaí. Ní fhleár an gliomach a chur dhá bhruith beó beithidheach dhó, mar ó imhthigheas an dé deireannach as fuar tosuigheann sé ag lobhadh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Padhraic Ó Máille
- Inscne
- Fireann