Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Nualláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)teacht tú. Núair a theastuigeann bíadh úaidh ní dhéanann sé ach an sliogán a árdú dón chlóich agus ní mórán nach dtagann sé glan óscar dha amach as. Téigheann sé ag smúrtha [?] bídh dhó féin annsin. Núair a thaga an cheó róimhe a chuireas faithchíos air ní thóigeann sé a bhfad air a dhún a bhaint amach. Níor mhaith dhuit do theanga a bheith idir an slíogán agus an chlóich an t-am sin. Deirtear nach mbíonn se ina séasúr go bhfághaidh sé trí sháith d'uisge an aibreáin.
Le sgeanna láidre a bhainntear é. Má bhúaileann tú an chéad íarraidh go h-eadtrom teastóchaidh uait an dara h-íarraidh a bhualadh go trom araé ní bhainfidh tú go deó an úair sin é go ndéanfaidh tú praiseach ar an aill dhó. Is i(leanann ar an chéad leathanach eile)