Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Nualláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gaduidhe, "caithfidh mé fhághail amach a bhfuil na ceirdeanna go maith agaibh." Dubhairt sé le fear na gcluas dul taobh amuigh de'n doras, agus an rud ba lugha a chloisfhead sé torann a innseacht dhó. Chuaidh sé amach agus níor b'fada go dtáinig sé isteach. Dubhairt sé gurb é an rud ba lugha a chuala sé - éan a bhí ag torann leis an ubh a bhí faoi sa nead amuigh sa gcrann. "Gabh amach" adeir an athair leis an ngaduidhe "agus goid an ubh uaidh." Chuaidh an gaduidhe amach agus rinne sé poll ar bun na neide agus thuit an ubh anuas aige. Annsin dubhairt an athair le fear an ghunna go gcaithfeadh sé an ubh a bhualadh agus í céad slat uaidh. Bhuail fear an ghunna an ubh gan stróbh. Annsin dubhairt an athair leis an súinéir go gcaithfeadh sé an ubh a chur le chéile mar a bhí sí i dtosach. Ní bhfuair an súinéara mórán trioblóide ghá cur le chéile.
Dubhairt an t-atair annsin go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Colm Ó Flathartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Gleann Mór, Co. na Gaillimhe