Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Nualláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)le craiceann atá ar chois na cupóighe.
127. Dhá mbeadh lot ar do chois súicra do chur leithe.
128. Ta flith go maith le h-aghaidh lot.
129. Nuair a bheadh lot ar duine chuirfidhe galaoireach agus súicra agus fataí leis.
130. Nuair a bhead lot ann a mbeadh sileadh ann a bheadh tinn, craiceann bagúin leis lena briseadh.
131. Nuair a bheadh fíacla duine tinn beadh barrach da dtéidheadh agus dhá chur leis.
132. Nuair a bhéadh do shúil tinn ag salachar cuirfidhe sgiolán ruis isteach fúithe agus chruinneócadh sé an salachar.
133. Nuair a bhéadh láimh duine leonta, chuirfidhe meacna leonta agus gealacháin uibhe leis.
134. Nuair a bhéadh tálach i láimh duine chuirfidhe ribín dubh leis agus bhéadh sé go maith.
135. Nuair a gheobhfad snaithead i gcois duine bheadh teanga an t-sionnaigh go maith le chur leis.
136. Duine a mbéadh péiste air d'ólfad sé uisce sáile salann.
137. Cuirtear bluinic gé le muineál tinn páisde.(leanann ar an chéad leathanach eile)