School: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Location:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Mícheál Ó Nualláin
![The Schools’ Collection, Volume 0073, Page 335](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0073%2FCBES_0073_335.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0073, Page 335
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)116 Má bhíonn fata i muineal bó tugtar buideál salainn dhí la n-ithe.
117. Dá ndóighfidhe duine cuirfí salainn air
118. Da dtiocfad spóta ar duine cuirfí píosa builín nó min-reish leis.
119. Dhá mbeadh fuil le duine cuirdfidhe caonach, no nead dúbhan alla nó clumach leis.
120. Dhá mbead duine gearrtha agus d
fuil a tigheact go tréan chuirfidhe ruaig taobh thuas air.
121. Dha mbead gadhar go dona thuibharfaidhe Cloc gorm nó ola mhor dó.
122. Dhá mbéadh geárradh ar duine thíos faoi'n a mhéir coise agus 'dá gcuidfead sé ruinne olann ann geobhfadh sé biseach.
123. Dá mbéad pian i mbéil do cléibhe píosa eadaigh dearg agus salann do chur leithe.
124. Dá mbeadh pian in do thaobh tú féin do chrocad as dréimire.
125. Má dhóightear le neantog thú cupog sráide a leagaint air agus abair "té, te neantóg, fuar, fuar cupóg".
126. Má bhíonn dógh gréine ort an dóghadh do chuimilt(continues on next page)