Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Nualláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- XML Leathanach 368
- XML “Scéal - An Crochaire Tarnocht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)acht ní dheachaidh sé go dtí é mar ní raibh fhios aige c'en sórt duine a bhí ann. Bhí sé ag siubhal go ndeachaidh sé go teach a raibh sean-bhean ann, agus d'fhiarr sé loistín na h-oidhche air. Dubhairt sé nach raibh aon áit aice go leithidhe de gaiscighe mar é. Dubhairt sé go raibh sé sáthach mhaith aige Dubhairt sí leis an beithidheach a cheangal d'en doras agus a thiaghacht isteach. Fuair sí a suipéar dhó agus chuaidh sé a chodhladh Ní raibh sé i bhfadh na chodhladh nuair a daithrigh sé na trí gháire ba bhuadh dhár aitrigh sé ariamh. Dfhiarr se de c'en sórt gairidhe iad sin. Crádh ort a dhuine ghrána nach bhfuail fhios agad gurbh in iad na trí fathaigh áta le troid lé Mac Rí Foithín amháireách - má marbhuigheann sé iad is leis inghín Rí na Gréige gan buille gan urchar. Deirigh Donn O' Dubhtaigh agus fuair sé a bhricfheasta. Chuaidh sé go dtí an áit a raibh an fathach lé thiaghacht amach. Bhí inghín Rí na Gréige annsin(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Cualáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Pointe, Co. na Gaillimhe