School: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Location:
- An Cheathrú Rua, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Ó Nualláin
![The Schools’ Collection, Volume 0073, Page 368](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0073%2FCBES_0073_368.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0073, Page 368
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)acht ní dheachaidh sé go dtí é mar ní raibh fhios aige c'en sórt duine a bhí ann. Bhí sé ag siubhal go ndeachaidh sé go teach a raibh sean-bhean ann, agus d'fhiarr sé loistín na h-oidhche air. Dubhairt sé nach raibh aon áit aice go leithidhe de gaiscighe mar é. Dubhairt sé go raibh sé sáthach mhaith aige Dubhairt sí leis an beithidheach a cheangal d'en doras agus a thiaghacht isteach. Fuair sí a suipéar dhó agus chuaidh sé a chodhladh Ní raibh sé i bhfadh na chodhladh nuair a daithrigh sé na trí gháire ba bhuadh dhár aitrigh sé ariamh. Dfhiarr se de c'en sórt gairidhe iad sin. Crádh ort a dhuine ghrána nach bhfuail fhios agad gurbh in iad na trí fathaigh áta le troid lé Mac Rí Foithín amháireách - má marbhuigheann sé iad is leis inghín Rí na Gréige gan buille gan urchar. Deirigh Donn O' Dubhtaigh agus fuair sé a bhricfheasta. Chuaidh sé go dtí an áit a raibh an fathach lé thiaghacht amach. Bhí inghín Rí na Gréige annsin(continues on next page)
- Informant
- Pádhraig Ó Cualáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- An Pointe, Co. Galway