Scoil: Líonán
- Suíomh:
- An Líonán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig M. Ó Mathghamhna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Líonán
- XML Leathanach 043
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Pósann daoine gach uair d'en bhliadhan acht san Charghaos. Deirtear gur mí-rathmhar í mí Meitheamh chun pósadh. Déantar cleam-naisthí san áit uaireannta. Deirtear go bhfuil sé mí-rathmhar posadh ar Dia Céadaoin agus ar Dia h-Aoine. Na daoine a phósann ar na laethannta sin, deirtear go mbeidh go leoir trioblóide acha. Deirtear go mbíonn áthas mor ar na daoine a phósann í mí Aibhreáin. Uaireannta tugtar airgeadh mar spré agus uaireannta eile tugtar caora agus ba. Ní raibh aon fháinne ag na daoine fadó. Nuair a bhí siad ag phósadh fáinne fiaga a bhí acha mar fáinne.
Uaireannta bíonn buachaillí tuighe ag an bpósadh. Cuireann síad tuighe ar a muinneal agus tuighe ar a gcinn agus tuighe ar a gcosa. Cuíreann siad sean eadaigh streacha orra fréisin. Bíonn buachaill amháin agus melódion aige(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Fheathartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gleann na nGeimhleach, Co. na Gaillimhe