Scoil: Cloch Bhreac (uimhir rolla 12106)

Suíomh:
An Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 753

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 753

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cloch Bhreac
  2. XML Leathanach 753
  3. XML “Féilí na Bliana”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá go leor féilí ann ar feadh na bliadhna. Seo iad na h-ainmneacha atá orrtha. Lá féile Stíophán, lá féile brighid, lá féile pádhraig, aoine ceasta, domhnach casga, diardaoin deasgbheala, domhnach Cincighise, lá féile peadar agus pól, lá féile martán, lá féile muire, lá samhna, agus oidhche nodhlaigh.
    Bíonn an fhéile againn domhnach casga. Taghann go leor daoine isteach i bpáirc, agus déanann siad teine mhór ann annsin imtigheann siad agus faghann siad uibheacha agus cáca agus báinne agus chuile shord a theasthuigheas uaithe, agus teigheann siad ag an bpáirc a bíonn an teine ann aríst, agus socruigheann siad chuile shord ceart agus bíonn an-fheasta acú ins an bpáirc. Nuair a bhíonn siad réid toghann siad chuile shord agus cuireann siad isteach i mala iad, agus togann siad leo abhaile iad. Sé domhnach casga an féile is déise sa mbliadhain.
    Bíonn an Fhéile againn oidhche oibhreann (?) seán. Déanann chuile dhuine teine an oidche sin. Déanann cuidh acú teine amuigh ar an mbóthar. Cuireann siad cnámha ins an teine an oidhche sin. Nuair a bhíonn an teine déanta faghann na daoine ceithre cloch deágh, agus teigheann siad thart ar an teine ceithre uair deágh. Chuile uair a teigeann siad thart, caitheann siad cloch isteach sa teine go mbéadh fhios acú cé mhéid uair a rachfaidh siad thart.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Seóighe
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádraig Seóighe
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe