Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tír na Cille
- XML Leathanach 120
- XML “Pisreoga”
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Pisreóga.
1. Nuair a bhíonn daoine ag dul chuig torramh, cuireann siad gráinne salann ina bpocaí.
2. Nuair a bhíonn bó thar éis laoigh, cuireann siad snáithe dearg ar a ruball.
3. Oidhce Bealtaine cuireann siad slat caorthann ar shoithigh an bhainne.
4. Lá Bealtaine ní chuireann siad an luaith amach.
5. Ní chaitheann daoine uisge salach amach san oidhce gan a raibh "Chugaibh, chugaib, a mhuintir amuigh, an t-uisge salach".
6. Ní chaitheann siad uisge na gcos amach san oidhce gan splainc dhearg a chuir san uisge.
7. Cuireann siad splainc dhearg faoi an gcuinneóig nuair a bhíonn siad ag deanamh maistriughadh.
8. Ní chaitheann siad aon uisge amach nuair a bhíonn siad ag deanamh an maistriughadh.
9. Nuair atá duine ag coigilt na teineadh san oidhce déanann sé comhartha na croise ar leic an tealaigh.
10. Dá mbeadh duine amuigh san oidhce agus timpist ar bith eirigh dhó - Cuir a gcás dá dtuiteadh sé ba ceart dó nuair a thiocfhadh sé isteach gráinne salann nó ruainne ime ithe- Faisnéiseoir
- Mícheal Seóighe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Tír na Cille Theas, Co. na Gaillimhe
- (ar lean ón leathanach roimhe)le na chuid oibre a dheanamh, beidh sé gan deanamh aige.
43. Caillean duine rud le na mhuineadh
44. Madadh ag ithe féir sin cosamhalacht báisteach.