Scoil: Corr na Móna

Suíomh:
Corr na Móna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P. Ó Maille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 181

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 181

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corr na Móna
  2. XML Leathanach 181
  3. XML “Íde Clainne 'c Aoidh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Leis an uathbhas a bhí ar Uigín níor chuimhnigh sé ar féin agus thosuigh sé a cainnt os árd agus d'aithin an mhuintear a bhí istigh é.
    Nuair a fuair an mhuintear a bhí amuigh fios ar sin theitheadar
    Sul da ndeachaidh an saighdiúir 'un a bhearraic dhírigh sé an gunna agus bhain sé an marc a chuir an píce air de le róisín (usg) Badh 'n é an cruthughadh ba láidre a bhí in a n aghaidh. Rinne Uigín fiadhnaise ortha freisin.
    Chuala mé an sgeal seo ó Thomás Breathnach o.s. Badh oncal dhá Athair Mhór an Ceannuidhe.
    Tora díot a ghrian nach mall é do thriall
    Ní raibh tú ariamh ar aimsir.
    Ach da gcaiththeá sa bliadhain le Leibeas ÓBriain
    B'fada leat siar go Damh ros.
    Buachaill a bhí ag Leibeas O Briain i gCill Bhrighde a cheap an rann seo
    Domh ros - An ros atá siar a Leitir Fraig i gCon na mara. Téidheann an ghrian faoi i ndamhros.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    P. Ó Máille
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Tomás Breathnach
    Inscne
    Fireann