School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)
- Location:
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Máire Ní Ghiobúnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain an Bhrúnaigh
- XML Page 340
- XML “An Leipreachán”
- XML “An Mhurúch”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)annsin, tóg sé aníos an cloich, is go bfuair sí pota óir faoí. Bhí sí saidhbhir go bráth in a dhaiidh sin.
Níor chabruigh an leipreachán le aoinne ariamh ná níor bhain sé díoghaltas as aoinne. - "Maighdean mara" a tugtar mar ainm ar an murdhuach san áit seo. Níl an maighdean mara an mhór, mar leath-iasg agus leath dhuine 'seadh í. Tagann sí aníos ar carraigreacha na trágha uaireannta. An fhad is bhíonn sí in a suidhe ar an gcarraig cíorann sí a cuid gruaige. Bíonn brat uirthi. Sgiob duine an brat sin uaithe uair, agus seo é an sgéal.
Bhí maighdean mara uair, ag snámh sa bhfairrge in aice na trágha, agus bhí a brat leagtha ar charraig. Tháinig fear darb ainm Mícheal Ó Fártach as Lius-Tuirc anuas uirthi gur sgiob sí an brat uaithe. Thug sé an brat abhaile, is chuir sé i bhfolach i díon an tighe í. Lean an maighdean abhaile é. Pósadh annsin iad, agus bhí trúir malrach acu.
Lá amháin chuaidh an teach tré theinidh, agus thosuigh an brat ag dóghadh. Fuair sí an boladh, chuairtuigh sí isteach san bhfairrge, is chinn ar an bhfear breith uirthi.
Gach lá téigheadh na páistí síos go dtí an tráigh, agus thagadh sise isteach ar an tráigh, agus chíoradh sí a gcuid gruaige, is thiubhradh sí gach aire dóibh, acht ní bhfuair an fear greim arís uirthí(continues on next page)- Collector
- Sorcha Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Máire Ní Shúilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- c. 47
- Occupation
- Oibrí tí
- Address
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe