Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)

Suíomh:
An Fhairche, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 503

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 503

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Fáirche
  2. XML Leathanach 503
  3. XML “An Seanduine Dóite”
  4. XML “Tomhas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Sean-Duine Doighthe
    I
    Chuir mise mo shean-duine isteach sa gcomhrainn
    Ag ól bainne reamhar agus ag ithe min' eornan
    Do bhris sé an glas a cuiread ar an gcomhrainn
    'S chuaidh sé ag ól leis na buachaillí óga.
    Curfá
    Éirigh a shean duine shean duine dóighthe
    Brón agus diachair agus is doiligh liom gabháil leat
    II
    Chuir mise mo shean duine síos go Baile an Róba
    Búcla na hata agus watch na phócha
    Triur dá iomchar agus ceathrar dá thógadh
    Agus chuala mé iGaillimh go ndeaca sé leobtha
    Cúrfá
    III
    Do sheas mé ag an doras agus ba mhise bhí brónach
    Ag súil le mo chéile a theacht in einfeacht leobtha
    D'eug sé ar an mbealac agus abaile do thógadh
    Bhí mé ag sileadh na ndeor le méad mo cumhaidh
    Cúrfá
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
  2. Tomhas:- An fear a rinne é níor caith sé riamh é agus an fear a chaith é Ní fhaca sé ariamh é? Comhra
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.