School: An Fháirche (Buachaillí)

Location:
An Fhairche, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Énrí Ó Máille
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 300

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 300

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Fháirche (Buachaillí)
  2. XML Page 300
  3. XML “Séamus Breathnach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Séamus Breathnach (continued)

    Bhí mhac baintrighe ann uair amháin.

    (continued from previous page)
    Leig mise leat arsan fear eile an chéad oidhche eile.
    Bhí go maith tháinig an chéad oidhche eile agus chuaidh sé leis.
    Ghluaiseadar leóbhtha go ndeacha siad go dtí an teach ina raibh an bhean óg ann.
    Fáilteadh rómpa annsin agus tharéis tamaill réidhteadh an béilí aríst dhóibh agus shuidh siad isteach ag an mbord.
    Ní raibh siad an-fhada ag ithe nuair a dubhairt fear a tighe go raibh sé fhéin sáthach go raibh a bhean sáthach go raibh a chlann sáthach agus gur duine gan náire nach mbeadh sáthach.
    Ba mhaith an mhaise don chomrádaí é dubhairt sé leis an bhfear óg "cuidigh leat fhéin a Séamuis a' Bhreathnaigh."
    Ditheadar a ndothain.
    Nuair a bhí an béilí thart, chruinnigh siad thart ar an teine.
    Nuair a bhí siad sgathamh ag cainnt dubhairt fear a tighe leabaidh a fhágháil do na daoine a bhí istigh, agus chuaidh siad a chodhla[dh.]
    Dubhairt an comrádaí go mbfeárr leis fhéin a dhul a chodhladh i gceann an tighe agus chuaidh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1363: Tale of the Cradle
    AT1544: The Man who Got a Night's Lodging
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Mac Bhearshúiligh
    Gender
    Male
    Informant
    Seán Mac Bhearshúiligh
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Dúráithe, Co. na Gaillimhe