School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
![The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 408](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0076%2FCBES_0076_408.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 408
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 408
- XML “Scéalta Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag imirt gur thuit cárta faoi an mbord. Chrom an fear síos go dtógfadh sé an cárta gus céard a d'fheicfeadh sé ach crúbaí beithidhigh ar an bhfear. Chuimnigh sé annsin gurb é an diabhal a bhí ann agus tháinig faitchíos air agus dubhairt sé go raibh sé in am aige a bheith ag dul abhaile."Bhoil, má tá tú ag dul abhaile, caithfidh tú mise iompar ar do dhruim i dtosach." "Tá go maith," adeir an fear, "gabh suas ar mo dhruim agus tiubhraidh mé thar an abhainn thú." Chuaidh sé ar a dhruim agus dubhairt sé leis é thabhairt go dtí an teach ba ghiorra dóibh.D'imthigh an fear leis go dtáinig sé go dtí an teach acht dubhairt an diabhal nach féidir leis dul isteach sa teach sin mar dubhairt sé go raibh siad ag radh an paidirín ann, agus dubhairt sé leis é d'iompar go dtí an chéad teach eile agus dubhairt sé nach rachadh sé isteach sa teach sin mar bhí uisge coisrighthe ann. Dubhairt sé annsin é d'iompar go dtí an chéad teach eile agus d'iompar, agus chuaidh sé isteach ann.Bhí fear agus bean ann a bhí tamall maith pósta agus ní raibh aon chlann acú agus bhí siad i gcomhnuidhe ag troid. Ní raibh an troid chomh mór ariamh agus a bhí sé nuair a chuaidh an diabhal isteach. Nuair a tháinig sé amach d'fhiafruigh an fear de ce'n fáth an bheirt sin a(continues on next page)
- Informant
- Máire Ní Chonaire
- Gender
- Female
- Age
- 37
- Address
- Droim Snámha, Co. na Gaillimhe