Scoil: Sean-Chill
- Suíomh:
- An tSeanchoill Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Riobárd Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sean-Chill
- XML Leathanach 041
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí duine uasal darbh ainm Ó Ciardhubháin in a chomhnaidhe in aice le Ath Cinn agus bhí duine uasal eile darbh ainm De Búrcaigh in a chomhnaidhe in aice le Tuaim.”
(ar lean ón leathanach roimhe)a tríur inghean nios óige na í pósta. Bhí an inghean ba shíne gan mhuineadh agus ní dhéanfadh tada do duine ar bith ach mar d-togrochadh sí fein. Dubhairt Ó Ciardhubháin leis an m-Burcach ó tharla gur snachtaigh [!] sé an capall óg dá b-posadh sé a inghean go m-beidir go smáchtóchadh sé í. Dubhairt an Búrcach go m-beidir nach b-posfadh sí duine ar bith bhí a cáil chomh h-olc sin go raibh faoithchios uirri nach b-pósfadh aon duine i. Rinneadar an clamhnas annsin. Gheall an Búrcach go d-tiubhradh sé cuairt ar an g-Ciardhubhánach lá áirithe.
Nuair tháinig an lá thug an Búrcach sean chapall, cú agus gunna leis agus chuaidh go tigh Uí Chiardhubháin. Nuair a chonnaic sé an inghean thuit sé in ghradh leithí agus thuit sisi in gradh leisean. Posadh iad ar an da luathas. Agus tar éis dinnéir thug sé a bhean abhaile leis ar a chapaill mar ní bheadh an Búrcach sásta le cóiste ná carbad. Sa deireadh thugadar an bothar abhaile. Nuair a bhiodar a bh-fogus den bhaile rith an chú in a dhiaidh girrfhidh. Ghlaodh an Búrcach ar an g-coin ach níor tháinigh sí ar ais. Ach nuair a tháinigh sí ar ais chaith an Búrcach urchar léithi agus mharbhuigh sé í. D'iarr an bhean dé go cia an fath ar mharbhuigh sé an chú. D'freagair an Búrcach nach n-dearnaidh sí an rud a d'iarr sé uirri. Ar aghaidh leobhtha annsin gur tháinigheadar i n-gar don tigh. Agus bhí sruth ann idir iad agus an teach. Thug sé aghaidh a chapaill ar an sruth ach d'eitigh an capall léim a thabhairt thar an sruthán.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- R. O' Connell
- Faisnéiseoir
- Thomas Mannion
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 82
- Gairm bheatha
- Miller (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe