School: Sean-Chill
- Location:
- Shankill West, Co. Galway
- Teacher: Riobárd Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sean-Chill
- XML Page 041
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí duine uasal darbh ainm Ó Ciardhubháin in a chomhnaidhe in aice le Ath Cinn agus bhí duine uasal eile darbh ainm De Búrcaigh in a chomhnaidhe in aice le Tuaim.”
(continued from previous page)a tríur inghean nios óige na í pósta. Bhí an inghean ba shíne gan mhuineadh agus ní dhéanfadh tada do duine ar bith ach mar d-togrochadh sí fein. Dubhairt Ó Ciardhubháin leis an m-Burcach ó tharla gur snachtaigh [!] sé an capall óg dá b-posadh sé a inghean go m-beidir go smáchtóchadh sé í. Dubhairt an Búrcach go m-beidir nach b-posfadh sí duine ar bith bhí a cáil chomh h-olc sin go raibh faoithchios uirri nach b-pósfadh aon duine i. Rinneadar an clamhnas annsin. Gheall an Búrcach go d-tiubhradh sé cuairt ar an g-Ciardhubhánach lá áirithe.
Nuair tháinig an lá thug an Búrcach sean chapall, cú agus gunna leis agus chuaidh go tigh Uí Chiardhubháin. Nuair a chonnaic sé an inghean thuit sé in ghradh leithí agus thuit sisi in gradh leisean. Posadh iad ar an da luathas. Agus tar éis dinnéir thug sé a bhean abhaile leis ar a chapaill mar ní bheadh an Búrcach sásta le cóiste ná carbad. Sa deireadh thugadar an bothar abhaile. Nuair a bhiodar a bh-fogus den bhaile rith an chú in a dhiaidh girrfhidh. Ghlaodh an Búrcach ar an g-coin ach níor tháinigh sí ar ais. Ach nuair a tháinigh sí ar ais chaith an Búrcach urchar léithi agus mharbhuigh sé í. D'iarr an bhean dé go cia an fath ar mharbhuigh sé an chú. D'freagair an Búrcach nach n-dearnaidh sí an rud a d'iarr sé uirri. Ar aghaidh leobhtha annsin gur tháinigheadar i n-gar don tigh. Agus bhí sruth ann idir iad agus an teach. Thug sé aghaidh a chapaill ar an sruth ach d'eitigh an capall léim a thabhairt thar an sruthán.(continues on next page)- Collector
- R. O' Connell
- Informant
- Thomas Mannion
- Gender
- Male
- Age
- 82
- Occupation
- Miller
- Address
- Milltown, Co. Galway