Scoil: Cluain Dá Iomaire (uimhir rolla 14801)
- Suíomh:
- Cluain Dá Thiompar (Brown), Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Raghallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain Dá Iomaire
- XML Leathanach 288
- XML “Na Fataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cuireann m'athair fataí sios gach bliadhain. Treabhann agus fursuigheann sé an talamh. Annsin gheibheann sé peire chapall agus céachta agus ghníonn sé na h-iomairí beaga. Cuireann sé an t-aoileach amach agus scaipeann sé é ar na h-iomairí beaga an tighe na fataí chun sgiolláin a dheanamh. leagann sí súil in ngach ceann acú. Cruinnig na paisde le cheile do na comhúrsan agus cuireann siad na sgiolláin sios naoí n-ordlach idir gach ceann acú. Annsin cluidhigheann sé é le creafóg agus fagann sé é mar seo go dtí an samhradh.
Amannta cuireann na feilmeara fatai mar seo. Gheibheann sé laidhe agus dorú agus teigheann sé go dtí an gort. Ghníonn sé h-iomairí mór agus leagann sé ceíthre cosa leathan. Annsin cuireann sé na fataí sios agus cuireann sé cré air. Fágann sé mar seo go dtí cupla miosa. Annsin cuireann sé cloic gorm air chun an dubhachán a cóimead amach.