Scoil: Caisleán Gearr
- Suíomh:
- An Caisleán Gearr, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Maolmhuidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caisleán Gearr
- XML Leathanach 065
- XML “An Chuinneog”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá cuinneóg againn sa mbaile. Tá sé dhá throigh agus trí órdhlaigh ar aoirde. Tá sé troigh amháin agus ocht órghlaigh ar fhaid ó thaobh go taobh ag a bhun. Tá sé amháin agus cúig órdhlaigh ó thaobh go taobh ag a bhárr.
Rinneadh í tuairim's chúig bhliadhain déag ó shoin. Seo iad ghléaseanna na cuinneóige, an loinithe, an clár agus an rothán. Ins an Samhraidh déanann mo mháthair maistreadh gach lá. Ins an nGeimhreadh déanann muid maistreadh dhá uair nó trí uair sa tseachtmhain. Má thagann aon chomhairsa isteach nuair a bhíonn's muid ag déanamh maistridh buaileann sé greas air. Muna mbuailfeadh sé greas air deirtear go ngoidfeadh na sídheóga an t-im agus nach bhféadfaidhe aon im a fhághail ar an mbainne ins an maistreadh sin. Má théigheann duine amach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Ó Griallghais
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Caisleán Gearr, Co. na Gaillimhe