Scoil: Mionlach (uimhir rolla 8800)
- Suíomh:
- Mionlach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Riocard Ó Tighearnaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 129](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0030%2FCBES_0030_129.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 129
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mionlach
- XML Leathanach 129
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bí fear ann fadó darbh ainm Páidín Dubh bhí sé an-bhocht. Ní raibh aige acht aon bhó amháin agus b’éigean dó í dhíol. Nuair a bhí Páidín tamall ar an aonach thainig fear aige agus dubhairt sé: “céard tá tú ag iarraidh ar do gabhar” má thugann tú gabhar ar mo bhó aríst adeir Páidín bainfhidh mé an cloigean duit. Thainic an dárna fear agus dubhairt Páidín an rud céadhna leis annsin thainic an tríomhadh fear agus cheannuigh seisean an bhó ar dheich bpunt. Mí ón aonach sin chuaidh Páidín ar aonach eile. Chuaidh sé isteach go teach [-eile-] ósta agus d’fhág punt ann agus dubhairt leis an bhfear tá mé dhá fhágáil seo íochtha nuair thiocfha mé aríst “acht cén chaoi a n-aineóchadh mise aríst thú’ nuair a thiocfhas tú deir fear a’ tsiopa. “Caithfhidh mé an h-ata do mo chloigeann arsa Páidín agus diarfa[idh](leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Maoldhomhnaigh
- Inscne
- Baineann