Scoil: Páirc na Sceach (uimhir rolla 13856)

Suíomh:
Páirc na Sceach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 418

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 418

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Páirc na Sceach
  2. XML Leathanach 418
  3. XML “Ciste Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ciste óir i bhfolach
    Bhí fear an-saidhbhir in-a comhnaidhe i dteach ins na Forbacha tráth. Bhí corcán d’ór na Spáinne aige. Bhí na péin-dlighthe i bhfeidhm an t-am seo agus bhí faitchíos air go bhfuigheadh a namhaid é. Chuaidh sé amach lá agus thug sé an t-ór leis cun í a chur i bhfolach. Shiubhal sé tuairim is leath-mhíle go dtáinig sé chomh fada le cloch mhór, Cloch na Sidheóg a dtugtar ar an áit agus chuir sé an t-ór i bhfolach fá’n gcloich. D’fhág sé annsoin é agus níor chorruigh sé é ná níor chorruigh aon duine eile é ach oiread. Díreach nuair a bhí sé ag fághail bháis ghlaoidh sé ar cheann de na comhursain chuige agus thug sé an rún dó. Cailleadh an fear agus cuireadh é. Nuair a bhí sé seal curtha d’innis Seán Ó’Loideán, sin é an t-ainm a bhí ar an bhfear a tugadh an rún dó, le comhursa dár b’ainm Seán Gabha fán rún. Bheartuigheadar eatorrtha féin go rachaidís ag lorg na h-áite an lá in a dhiadh sin,
    Lá’n na bháireach chuadar go dtí an áit. Chonnaic Seán Ó’Loideán an chloch mhór agus rith sé chuige agus tosuigh sé ag cartú faoi. Níorbh fhada go dtáinig sé chomh fada leis an t-ór agus ní raibh sé i ndon labhairt le teann áthais. Annsoin rinne sé comhartha le Seán Gabha teacht de cabhair air agus mo léan rinne sé amhlaidh. Nuair a tháinig Seán Gabha go dtí an áit ní raibh táisg ná tuairisg le fáfgail ar an t-ór agus gan le feiceáil ach leac bheag. Is dóigh nach raib ceart ag Seán Ó’Loideán innseacht do neach beo fá’n t-ór agus gurbh shin é an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Cheara
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Barr na Crannaí, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Flannachadha
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Fireann
    Aois
    72
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Barr na Crannaí, Co. na Gaillimhe