Scoil: Páirc na Sceach (uimhir rolla 13856)

Suíomh:
Páirc na Sceach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 420

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 420

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Páirc na Sceach
  2. XML Leathanach 420
  3. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal Grinn
    Bhí fear ann tráth agus bhí inghean áluinn aige agus bhí driobhsiúr aige féin agus bhí go leor saibhris aice. Bhí an fear seo ag iarraidh an t-airgid a mhealladh uaithi agus bhí sé ag tabhairt an-aire dhi. Bhí fear in a chomhnaidhe san gcomharsanacht agus bhí sé ag iarraidh mná. Shíl an fear eile go bpósfadh sé a inghean fhéin ach níor b’amhlaidh a bhí an sgéal. Tomás b’ainm do athair a bhí le pósadh mar dheadh, agus Séamas b’ainm do’n bhfear a bhí ag iarraidh mná. Bhí fear i na comhnaide in-aice le Séamas agus bhí go cleasanna agus nósanna aige. Seo é an rud a dubhairt sé le Seamas, “Oidhche Shamhna iseadh oidhce Dé Satharn seo cugainn. Nuair a thuiteas dorchadas na h-oidhce fágh do shuaiste agus do chuid coirce agus cuir faoi réir san sgioból iad. Las coinneal leith-phigne ar fhuinneóig an sgiobóil. Má mhúchann an coinneal sul dá béas leath do chuid coirce buailte agat ní maith an comhartha dhuit é, ní phósfaidh tú go deo. Má chuireann aon bhean a lámh chomh fada leis an gcoinneal, sin í an bhan-chéile a bhéas agat. Tiocfaidh mise de chabhair ort freisin agus déanfaidh mé an cleamhnas”. Rinne Séamas amhlaidh ach chuala Tomás é agus tháinigh sé go dtí an áit agus an inghean agus a dheirbhsiúr leis Oídhche Shamhna. Ní raibh aon cheo ag corruighe agus an coinneal ag eirghe gearr is faithchíos ag teacht ar Shéamais. Bhí sé tuairim is a dó dhéag a clog anois ach má chuaidh lámh suas cun an coinneal a mhúchadh chuaidh fiche lámh. Is annsoin an ghreadú, rith Séamas go dtí an doras agus níor thúisge ag an doras é ná
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Cheara
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Barr na Crannaí, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Flannachadha
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Fireann
    Aois
    72
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Barr na Crannaí, Co. na Gaillimhe