Scoil: Dealgain (uimhir rolla 11770)
- Suíomh:
- Dealgain, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Breandán Ó Riain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dealgain
- XML Leathanach 022
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí buachaill ann fadó agus bhíodh sé ag fuireach amuigh ins an oidhche ag imirt chártai agus bhíodh a mháthair a rádh leis i gcomhnaidhe nach ceart dó bheith ag fuireach amuigh chomh deireannach ach ní raibh aon aire aige uirthí agus lean se air. Bhí sé ag teacht abhaile oidhche agus bhuail sochraid leis ach ní raibh ach triúr faoin gcomhnra. Leagadh an comhnra ó's a chómhair ar an mbothar agus tháinig fear i leith chuige "Cá rabhas go dtí an t-am seo d'oidhche"? ars an fear leis "Bhíodh ag imirt chártai" ars an buachaill. "Bí istigh annseo faoin
gcomhnra" ars an fear "is mór an náire dod' leithéid a bheith ag siubhal an bhóthair agus sinne marbh ag an obair seo".
Chuaidh an buachaill faoin gcomhnra mar ceathramhadh duine agus bhí eagla mór air. D'imthigeadar leo agus bhíodar ag imtheacht agus ag imtheacht gur ghlaodh an coileach. Leagadh an comhnra(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mrs Burke
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Carnán Thomáis, Co. na Gaillimhe