Scoil: Baile a' Mhuilinn (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siobhán, Bean Uí Dholáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bionn go leór aonthaighe in Éirinn anois. Bíonn aonach in gach baile mór gach mhí anois. Ní ins na bailte móra a biodh na h-aontaighe fadó ach in gach comursanacht.Bhiodh aonach i gCillernín fadó cúpla uair sa mbliadain. Baile beag ata ann agus mar geall ar sin ní bhiodh go leór aontaigh ann. Bhiod aonach i ngort an Ceoil go minic fadó. Ins na pairceanna is eadh a bhiodh na h-aontaighe ar siubhal.Tá pairc i ngort an Ceoil fós darabh ainm Páirc an Aonaigh. Is le Seán Ó Reactagán an párc sin anois. Chuala mé m'athair ag radh go raibh ceannuightheoirí ar na h-aontaigh fadó fé mar bionn siad anois mar biod siad ag dul go Sasana go fluirseach an uair sin.Is minic a fuair na daoine fadó fiche punt ar bhó. Ach níl na beithidigh comh daor sin anois. Cúig punt deag an luach is mó atá ar bhó anois. Bhí mé ar aonach in einfeacht le m'athair lá. Bhí go leór daoine ar an aonach. Biodar ag ceannact tae agus siucra(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Treasa Ní Maoilaín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Eirnín, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Treasa Ní Maoilín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Cill Eirnín, Co. na Gaillimhe