Scoil: Ceathrú (Carton) (uimhir rolla 15339)

Suíomh:
An Cartún, Co. Liatroma
Múinteoir:
Seán Ó Floinn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0215, Leathanach 316

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0215, Leathanach 316

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathrú (Carton)
  2. XML Leathanach 316
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Tá áit ar an oileán mar atá fios agat féin a glaogann siad na seacht dteampaill air...

    Sgéal eile ó Chóilin Mac Donnachadha, Cill Ronáin
    Seán Ó Floinn Dromdarach Maothail a fuair an sgéal uaidh san mbliadain 1929, agus a sgríobh san leabhar seo é.

    Tá áit ar an oilean mar atá fhios agat fhéin a glaodann siad na Seacht dTeampaill air agus bhí Naoimh go leor ann. Ach mar a cheile níor thaíniceadar feín agus Naomh Eanna le chéile, bhíodar ag acrann i gcómhnuidhe cé aige a mbéadh an oileán. Rinneadar socrughadh annsin -
    An fear thoir agus an fear thiar Aifrionn a léigheadh ag a do dhéág a clog Dia Dómhnaigh. Théis Aifrinn abheith léighte acab, 'acan duine acab a dhul ar a chapall agus pé ar bith áit a gcasfaidhe dá chéile iad an t-oileán a beith 'na dá leith acab. Bhuel, léigh an fear thiar Aifrionn leath uair roimh an fhear thoir agus nuair bhí Aifrionn léighte aige, chauidh sé 'un t-srotha agus bhí piosa maith bóthar bainte aige sul a thosuigh an fear thoir. Nuair bhí an fear thoir réidh chuaidh sé ar bhóthar agus ní raibh sé morán acar ar siúbhal nuair chonnaic sé an fear thiar ag tigheacht aniar aige. Bhí fios aig annsin nar choinnigh sé a ghealadh. Nuair chonnaic sé ceárd bhí déánta aige, chuir sé suas a lámh agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Béarla
    Bailitheoir
    Seán Ó Floinn
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Droim Dhart, Co. Liatroma
    Faisnéiseoir
    Cóilín Mac Donnachadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Rónáin, Co. na Gaillimhe