Scoil: Ceathrú (Carton) (uimhir rolla 15339)
- Suíomh:
- An Cartún, Co. Liatroma
- Múinteoir: Seán Ó Floinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathrú (Carton)
- XML Leathanach 318
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Fear agus a mhac a bhí ann Colm bán agus a mhac Séamus bhí bad acab in Arann fadó...”
Sgéal eile ó Oileán Árann, - Sean Mac Guill Cíll Ronáin a dinnis an sgéal seo dhom tráth a raibh mé ar na h-oileáinibh ar mo laethe saoire. Tá Seán ag tarraingt ar trí sgor bliadain anois agus deir sé go cuala sé an sgéal o na sean-daoinibh agus é 'na ghasúr.
Fear agus a mhac a bhí ann Colm Bán agus a mhac Séamus. Bhí bad acab in Arann fad ó agus chuadar go Co an Cláir le fataí. Bhí fonn ar an mac teacht ar ais lá ar na mháireach acht ba mhait leis an bfear fanacht go ceann seachtmhaine. Ar chaoi ar bith shocruigheadar a theacht abhaile an lá sin. Chrocadar seolta ar an mbád agus bhíodar ag seoladh leob go ceann cúig uaire nuair táinig ceo trom orra agus ní raibh a fhios acab cá rabhadar a dhul. Bhíodar ar argóinteacht aris le na chéile an t-athair a rádh leis an mac nach seolfadh seisean marach é agus an mach a rádh leis-sean dá mbéadh sé 'na "Skipper" maith báid go mbéadh sé indon seoladh le ceo. Ní raibh fios ag an athair cá raibh sé agus dubhairt sé leis an mac an t-ancaire a leigint amach. Leigeadh amach é go dtí go raibh an méid cábla a bhí aige leagtha agus ní raibh an t-ancoire ar bun ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán O Floinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Droim Dhart, Co. Liatroma
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Guill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60
- Seoladh
- Cill Rónáin, Co. na Gaillimhe