Scoil: Derrinkeher (uimhir rolla 16244)

Suíomh:
Doire na Ceachar (Brady), Co. Liatroma
Múinteoir:
Pilib Mac Taidhg
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0223, Leathanach 096

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0223, Leathanach 096

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Derrinkeher
  2. XML Leathanach 096
  3. XML “Tobar na Faoileoige”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ar an Dumhchaigh í bparóiste Teampuill Chróin atá Tobar na Faoileoige. I bhfad ó shoin nuair a bhí Conall Caol ina bhuachaill óg dó bhí sé ina dhuine comh tógtha agus cómh conntrailte agus tiocfhadh leis a bheith. Uair amháin chuir sé ina cheann fhéin teach a sgrios í bparóiste Inis Caoil an rud a rinne.
    Nuair a bhí sé deanta aige chualaidh sé guth ag sgairtigh leis acht ní fhaca sé duine ar bith. Labhair an guth leis arís agus dubhairt:-
    "A Chonaill! tá an-bhás í ndán duit gan mhoill muna ndean tú aithreachas ar son dó chuid ramagaireact".
    Sgannruigh Conall. "Caide dheanfhas mé" arsa seisean
    "Caith uait gach rud a fuair tú go mí-ionnrareach," arsa an guth. "Cuir an mála ar dó druim, agus imthigh leat ag iarraidh deirce". Comh maith le sin bí í gcomnaidhe ag denamh aithreachais le Dia ar son dó chuid peacaidh."
    D'imthigh Conall. Chaith sé seacht mbliadhna ar shiubhal ag urnaigh, ag iarraidh deirce, agus ag rann leis na bochtaibh. Deirtear gó raibh péist mhór ina thóir ar feadh an ama seo agus dá bhfanfadh sé níos mó nó aon oidhche amháin í n-áit ar bith gó muirbhfeadh an phéist é.
    Fa dheireadh thainic sé gó dtí an Dumhchaigh lá amháin agus mar bhí sé tuirseach thuit sé ina chodhladh ar (?) thaoibh ardain. Nuair a musgail sé chonnaic sé uibh fáoileoige í gcroidh a bhoise agus í mar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seosamh Ó Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Aodh Ó Duibheannaigh
    Inscne
    Fireann