Scoil: Derrinkeher (uimhir rolla 16244)

Suíomh:
Doire na Ceachar (Brady), Co. Liatroma
Múinteoir:
Pilib Mac Taidhg
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0223, Leathanach 097

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0223, Leathanach 097

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Derrinkeher
  2. XML Leathanach 097
  3. XML “Tobar na Faoileoige”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bheadh sí indiaidh breith. Deirigh sé agus d'ól sé deoch as tobar a bhí le na thaoibh agus ar siubhal leis agus athas air mar bhí fhios aige gurbh é uibh na faóileoige an cómhartha gó raibh a chuid aithreachais deanta.
    Ag teacht trasna ar an fhearsaid Ghaoth Bearra dó chonnaic sé an phéist báidhte ar an taoibh eile. Tá droichead ar an fhearsaid sin anois agus an poll in ar baitheadh an phéist ag ná taoibh. Beirtear Poll na Péiste gó fóill air.
    Chuaidh Conall Caol amach gó dtí oilean Inis Caoil agus tóg sé Mainistir annsin. Chaith sé an chuid eile d'a shaoghal ar an oilean agus nuair a fuair sé bás cuireadh ar an oilean sin é. Tá ballogaí an Mainistir le feiceail annsin gó fóill agus ghnithear Turas Chonaill annsin gach bliain fa mhí na Lúghnasa.

    Chonnaic mé cuid de seo í Stáir Díoghoise Rathbhoth a sgríobh an t-Easpog MagUidhir. Acht fuair mé an sgéal gó h-iomlan ó fhéar bocht darbh ainm Aodh Ó Duibheannaigh a bhí ag dul thart insan pharóiste ag cruinniú a chodhach
    S. Ó Dochartaigh O.S.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seosamh Ó Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Aodh Ó Duibheannaigh
    Inscne
    Fireann