Scoil: Kilmacteige (C.) (uimhir rolla 13944)
- Suíomh:
- Cill Mhic Thaidhg, Co. Shligigh
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Chuirnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Kilmacteige (C.)
- XML Leathanach 276
- XML “Sean-Nósanna”
- XML “Sean-Nósanna”
- XML “Sean-Nósanna”
- XML “Sean-Nósanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)i dtigh in a mbiodh corp marb stopadh an clog ar eagla go gcuirfeadh sé isteach ar anam an dhuine mhairbh.
- Nuair a bhíodh an cónra ag dul amach an doras chuireadh na suidheachain is na stoíl bun ós cionn ar eagla go mbeadh sprid ar bith in a suidhe orrtha.
- Dá mbeadh cárta 'ghá, n-imirt ag aoinne thar ceathar a chlog 'san oidhche thiocfadh an coileach a bhiodh san ám sin in a chodhladh ar an mbarraidh (?) ar an mbord agus scaipeadh sé 'chuile cárta a bhiodh ar an mbord le na dhá sgiathánaibh agus ghlaoidheadh sé trí h-uaire.
Ní dheachaidh na sean daoine in gar do'n fhairrge ná do lochaibh ná d'aibhneachaibh ar Dhomhnach Cincise nó ar Luain Cincis, mar ar na laethe súid bíonn báthadh (?) ar an bhfairrge.- Bailitheoir
- Kathleen Ginty
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Mhic Thaidhg, Co. Shligigh
- Faisnéiseoir
- J. Ginty
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Mhic Thaidhg, Co. Shligigh
- Dheineadh na sean daoiní crudh capaill ar lá Féile Brighde as an dtuighe a a bhíonn sa leabaidh thart ar dhealbh Íosa agus chrochadh siad os cionn an dhorais iad chun go mbead an t-ádh acu i rith na(leanann ar an chéad leathanach eile)